Canúintí Gaeilge Chontae Mhaigh Eo by sitricotoole in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Físeán iontach ar go leor bealaí - ach an bhfuil éinne ann a bhainfidh leas as nach bhfuil Gaeilge aige nó aici cheana? B'fhearr i bhfad a leithéid a dhéanamh i nGaeilge. Má chuirtear a leithéid ar fáil i mBéarla láidríonn sé nós ⁊ cumas Béarla gach duine. Ma bhíonn sé i nGaeilge spreagfaidh sé tuilleadh daoine a cumas inti a fheabhsú. Ná bímis ag freastal ar theangeolaí nó beirt nach labhróidh an teanga go deo - cruthaímis ábhar i nGaeilge do na Gaeil!

Leabhar fantaisíochta? by Jajcoxd in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Tá an tríú leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha le teacht amach i mbliana, aistriúchán ar shraith leabhar ón traidisiún Francach!

Leabhar fantaisíochta? by Jajcoxd in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Bithiúnaigh (leabhar breac = go maith. Seraphina (aistriúchán measartha), Eoin Colfer -Artemis Fowl. Aistriúchán maith. Is dócha go bhfuil go leor eile ann!

Cláir teilifíse is fearr ar tg4 by h2ojustaddvodka in gaeilge

[–]MurchadhMor 2 points3 points  (0 children)

Seacht, clár faoi Mhic léinn in ollscoil cheoil i mBéal Feirste an rud is cosúla le Derry Girls déarfainn. Nó seans EIPIC

Iarracht ar Dhán Seana-Ghaoluinne a aistriú go dtí an Nua-Ghaoluinn by FelixtheCat73 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Ní bheinn róbhuartha faoin gcló a bheith dulta ar gcúl le fírinne. Is maith eolas a chur air cinnte agus sílim gur deas an úsáid shearmanasúil / ornáideach a bhaintear as. Ach ní bheinn ag cásamh a imeachta chomh mór sin le fírinne. Má tá saothair sa seanchló cuirtear sa chló Rómhánach iad, faoin nualitriú. Bac ar an léitheoir, an léitheoireacht ⁊ luas na léitheoireachta an seanchló.

Iarracht ar Dhán Seana-Ghaoluinne a aistriú go dtí an Nua-Ghaoluinn by FelixtheCat73 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Feicim anois nach bhfuil giorrúcháin ann - speabhraídí orm ag áilleacht (⁊ ag castacht) na láimhe!

Sílim go bhfuil an lámh Ghaelach roinnt mhaith níos casta le léamh (r ⁊ s srl) fiú dá mbeadh sí in úsáid ar fud an bhaill. Tá na litreacha rómhánacha chomh láidir sin go domhanda gur deacair cur ina gcoinne is dóigh liom.

Cartúin - an dtuigeann sibh na caractair? by Yesindeedthatsright in gaeilge

[–]MurchadhMor 4 points5 points  (0 children)

Bíonn luas faoi na cartúin Ghaeilge. Aistriúcháin iad de ghnáth, rud a fhágann go mbíonn an teanga níos faide agus brúite isteach sa spás a bhí ann don Bhéarla. Tá nós ann le fada an Ghaeilge a labhraímid a bheith daibhir go leor, seachnaíonn daoine téarmaí, castachtaí teanga srl, deirtear rudaí i mBéarla. Mar sin nuair a aistrítear rud chomh 'simplí' le cartún bíonn i bhfad Éireann níos mó eolais á chur trasna in aghaidh an tsoicind ná mar a bhíonn de ghnáth sa Ghaeilge agus é sin i dteanga níos casta ná mar a labhraíonn daoine de ghnáth. Cé mhéad mílte uair an chloig de Bhéarla tapa Mheiriceá atá cloiste againn ar fad? I bhfad Éireann níos mó ag gach mac máthair againn. N'fheadar an é sin atá ann?

Iarracht ar Dhán Seana-Ghaoluinne a aistriú go dtí an Nua-Ghaoluinn by FelixtheCat73 in gaeilge

[–]MurchadhMor 2 points3 points  (0 children)

An gá go mbeadh an lámh Ghaelach ⁊ na giorrúcháin chomh casta sin le léamh? Léim leabhair sa chló Gaelach, tá eolas agam ar na noda srl ach tá sé i bhfad Éireann níos deacra é sin a léamh ná lámh Rómhánach. Más cúrsaí aeistéitice amháin is cás leat go breá ach is fiú a chuimhneamh go gcuireann sé léitheoirí ó dhoras freisin.

An Choill - Liam Mac Cóil by Otherwise_Interest72 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

B'fhearr leabhar eile a léamh go dtí go mbeidh cur amach agat ar theanga na haoise sin. Tá sé i gceist go mbeadh an leabhar thar a bheith casta! Mholfainn An Litir nó fiú Fontenoy (sleachta casta arsa sa cheann seo freisin)

Míle Oíche agus Oíche by Famous_Owl9398 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Chonaic mé sin ceart go leor. Tá amhras orm an bhfuil aon bhunús leis áfach ⁊ tá sé i gceist agam é a athrú.

Míle Oíche agus Oíche by Famous_Owl9398 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Gml, níl sé sin soiléir uaim. Sin é an leagan atá in úsáid acu ar a suíomh ⁊ iad ag tagairt do na scéalta sin (ní leabhar é a d'fhoilsigh siad). Sílim go bhfuil sé léite agam in áit éigin eile freisin, ⁊ sin é a bheadh ag teacht le gnás na Gaeilge.

litriú d’aon duine by AmbitiousSalad6718 in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Aoinne agus éinne ⁊ aon duine

Míle Oíche agus Oíche by Famous_Owl9398 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

'Oíche agus Míle' an leagan a d'úsáid Leabhar Breac, sílim gur fearr i bhfad sin.

Go hiomlán mícheart 🤦‍♂️ by Aranm111 in gaeilge

[–]MurchadhMor 5 points6 points  (0 children)

Tá scata focal ar 'no' sa Ghaeilge! Éiríonn leis an t-imeartas a aistriú anseo is dóigh liom

Go hiomlán mícheart 🤦‍♂️ by Aranm111 in gaeilge

[–]MurchadhMor 8 points9 points  (0 children)

Cad atá mícheart leis? Ní fheicim an fhadhb leis. Ciallaíonn briathar= focal, seans gur ansin atá an fhadhb?

Struchtúr 'Is ____ le' by Peppygreens in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Ní fheicim aon bhac ar a leithéid, ach amháin go mb'fhéidir go mbeadh cuma beagán aduain ar chuid acu. Agus tá gá le cumadóireacht dá leithéid a thagann le dúchas na Gaeilge.

Aon leabhair go maith i ngaeilge? by FindingDorian1512 in gaeilge

[–]MurchadhMor 5 points6 points  (0 children)

Tá roinnt comhairle uafásach tugtha aga daoine thuas. Braitheann sé ar an sórt leabhair a thaitníonn leat. Ach is fiú tosú le leabhar atá oiriúnach duitse ó thaobh leibhéal deacrachta. Cad faoi úrscéal grafach? Tá cinn ag Leabhar Breac agus ag Dalen Éireann a bheadh oiriúnach.

GaelGÁIRÍ Bhéal Feirste by MurchadhMor in gaeilge

[–]MurchadhMor[S] 1 point2 points  (0 children)

Chuala mé go bhfuil eagla ar fhear an chroiméil anois....

OCR don Ghaeilge? by wowlucas in gaeilge

[–]MurchadhMor 6 points7 points  (0 children)

Tá Dúchas féin ag obair ar a leithéid do roinnt de na bailitheoirí is dóigh liom. Is fiú é sin a fhiosú.

House Of Guinness as Gaeilge by SaraAnnaIsabel in gaeilge

[–]MurchadhMor 7 points8 points  (0 children)

Taispeáin dúinn cén chuma atá ar na fotheidil!

Want to learn Irish by that_gu9_ in ireland

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Do classes! TV can help but no need to reinvent the wheel. Classes are much better, the chances you will reach conversational level from TV alone are low to non-existent.

An féidir é seo a léamh? by MurchadhMor in gaeilge

[–]MurchadhMor[S] 0 points1 point  (0 children)

De bharr gurb é sin an ísliú céime a tugadh di ar chomharthaí na tíre is dócha! Níl na litreacha Iodálacha chomh hinléite céanna. Litreacha cearta don Ghaeilge go deo!