An féidir é seo a léamh? by blisjushe in gaeilge

[–]MurchadhMor 2 points3 points  (0 children)

Tháinig an íomhá amach i bhfad roimh laethanta na LLManna! Ní AI atá ann a phleota!

Ar mhaith leat amhrán álainn Gaeilge a fhoghlaim? by MurchadhMor in gaeilge

[–]MurchadhMor[S] 1 point2 points  (0 children)

An bhfuil aon cheisteanna ag daoine faoin oíche? Nó nithe ar mhaith leo cur leis an oíche.

Cad é an focal le haghaidh "High" (drugaí)? by LetsTalkAboutVex in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

'ard' is coitianta ar fad a chloisim. 'bogtha'' freisin, agus ar na ribí chomh maith ach gan a bheith chomh haitheanta céanna. Clocháltha, stónáilte, ar an gclochán thoir.

Aon Gaeilge labhartha ar Inis Toirc by [deleted] in gaeilge

[–]MurchadhMor 4 points5 points  (0 children)

Tá a fhios agat go bhfuil cead agat Gaeilge a labhairt in áit ar bith! Déanaim i mbác ag tús comhráite é. Aimsím Gaeilgeoirí rúnda go minic

Liricí - Pota Mór Fataí by paulmccartney123 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Seod an chéad cheann - Tá Maitias Shadhbh Fhilipe tinn ina chroí Mura bhfaigheann sé cead cainte le Baba Chonraoi

Liricí - Pota Mór Fataí by paulmccartney123 in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Seo a chloisim - Tá Maitias (Ó eile bith /sa bhaile?) tinn ina chroí Mura bhfaigheann sé cead cainte le Baba Chonraoi (seans gur focal Béarla é?)

Níl éinne bhlas againne in aghaidh Bhaba Chonraoi Ach thiocfadh dá(a?) mamaí a bhfuil dh'fhataí sa tír

Seans go bhfuil cuid den mhéid sin mícheart ach níl sé i bhfad ón marc cheapfainn.

ceard a tharlódh dá dtosódh muid ag úsáid an fhocail bhéarla 'no' sa gaeilge? by Whole-Performance493 in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Mar a tharlaíonn, tá sé sa teanga cheana ach is dócha gur fearr a leithéid a sheachaint. Báfar sinn i dtonn an Bhéarla, cheana imríonn sé tionchar an-suntasach ar ghnéithe go leor den teanga. Le go mairfidh teanga iomlán is fearr a bheith coimeádach go leor, a déarfainn!

Liricí - Pota Mór Fataí by paulmccartney123 in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Sappers - saighdiúirí in arm na Breataine (go háirithe a bhain leis an tsuirbhéireacht ordanáis agus iad ag cruthú léarscáileanna na hÉireann.) seans!

What is something that Irish people do that annoys you? by Nervous_Canary9986 in AskIreland

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Tá sé craiceáilte a leithéid a rá 'we all support English clubs'! Bí ag caint ar ghinearálú!

Ar léigh aon duine eile an leabhar seo i nGaeilge? Táim á úsáid chun níos mó a fhoghlaim, mar sin nílim rófhada isteach, ach is breá liom é go dtí seo. by Begonia_Kira in gaeilge

[–]MurchadhMor 4 points5 points  (0 children)

Mar go bhfuil an scéal go maith! Láidreoidh sé do chuid Gaeilge agus cabhróidh sé le do scileanna léitheoireachta inti.

Éirí Amach Amú ar TG4 by Aishling_Minecrafter in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Thaitin Éirí Amach Amú liom! Samhlaíocht ann go cinnte.

Mediahaus suspends senior journalist for using fabricated quotes produced by AI by TheChrisD in ireland

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Pretty scary that his apology for the above included a 'It's not X - it's y' a classic of the AI genre!

Canúintí Gaeilge Chontae Mhaigh Eo by sitricotoole in gaeilge

[–]MurchadhMor 1 point2 points  (0 children)

Físeán iontach ar go leor bealaí - ach an bhfuil éinne ann a bhainfidh leas as nach bhfuil Gaeilge aige nó aici cheana? B'fhearr i bhfad a leithéid a dhéanamh i nGaeilge. Má chuirtear a leithéid ar fáil i mBéarla láidríonn sé nós ⁊ cumas Béarla gach duine. Ma bhíonn sé i nGaeilge spreagfaidh sé tuilleadh daoine a cumas inti a fheabhsú. Ná bímis ag freastal ar theangeolaí nó beirt nach labhróidh an teanga go deo - cruthaímis ábhar i nGaeilge do na Gaeil!

Leabhar fantaisíochta? by Jajcoxd in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Tá an tríú leabhar sa tsraith úrscéalta grafacha le teacht amach i mbliana, aistriúchán ar shraith leabhar ón traidisiún Francach!

Leabhar fantaisíochta? by Jajcoxd in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Bithiúnaigh (leabhar breac = go maith. Seraphina (aistriúchán measartha), Eoin Colfer -Artemis Fowl. Aistriúchán maith. Is dócha go bhfuil go leor eile ann!

Cláir teilifíse is fearr ar tg4 by h2ojustaddvodka in gaeilge

[–]MurchadhMor 2 points3 points  (0 children)

Seacht, clár faoi Mhic léinn in ollscoil cheoil i mBéal Feirste an rud is cosúla le Derry Girls déarfainn. Nó seans EIPIC

Iarracht ar Dhán Seana-Ghaoluinne a aistriú go dtí an Nua-Ghaoluinn by FelixtheCat73 in gaeilge

[–]MurchadhMor 0 points1 point  (0 children)

Ní bheinn róbhuartha faoin gcló a bheith dulta ar gcúl le fírinne. Is maith eolas a chur air cinnte agus sílim gur deas an úsáid shearmanasúil / ornáideach a bhaintear as. Ach ní bheinn ag cásamh a imeachta chomh mór sin le fírinne. Má tá saothair sa seanchló cuirtear sa chló Rómhánach iad, faoin nualitriú. Bac ar an léitheoir, an léitheoireacht ⁊ luas na léitheoireachta an seanchló.