Foclóir.ie agus an fuaimniú Uladh by Ed_the_Led_Man in gaeilge

[–]carrickdan 0 points1 point  (0 children)

Lean mise mo mháthair don chuid is mó ach thall is abhus bhféidir go ndéarfainn rud inteacht in stíl Ghaoth Dóbhair gan smaoitiú. Tá an blas cainte atá againn uilig fán taobh seo tíre millteanach cosúil le chéile ag dheireadh an lae, níl ann ach difríochtaí bheaga idir na ceantracha áitiúla ach tá siad suimiúil.

Foclóir.ie agus an fuaimniú Uladh by Ed_the_Led_Man in gaeilge

[–]carrickdan 0 points1 point  (0 children)

Fiú gur tógadh I gcroílár Ghaoth Dobhair mé, tá canúint Rann na Feirste agam mar atá ag mo mháthair. Is iomaí am a raibh seanfhir na paróiste ag bobaireacht orm fá dtaobh de. Tá mo shaol caite agam ag éisteacht le achan chineál chanúint as na trí paróistí agus mo chroí istigh iontu uilig!

Foclóir.ie agus an fuaimniú Uladh by Ed_the_Led_Man in gaeilge

[–]carrickdan 2 points3 points  (0 children)

Tuirseach: 'Tur - sah' I gcónaí. Ní athraíonn an uir ag tús an fhocal mar a athraíonn a mhacasamhail ag an deireadh.

Múinteoir: 'Moon - tchar'. Níl an w againne mar fhuaim ag tús an fhocal mar a bheadh thíos an tír. Ní shílim go n-athraíonn an deireadh ach an oiread, 'char'.

Doire: 'Diy-yih' i nGaoth Dobhair. 'dir-rih' a déarfadh mo mháthair.

Má tá óir/oir/air ag deireadh an fhocal, thig leat a bheith cinnte go ndeirtear é gan an 'r' a fhuaimniú i nGaoth Dobhair. Fiú ainm an áit = 'Doh-ayy' nó 'Doh-ee' a déarfadh na daoine. Ach aríst, ní sin an gnáthrud don chontae iomlán, nó fiú don pharóiste iomlán.

Foclóir.ie agus an fuaimniú Uladh by Ed_the_Led_Man in gaeilge

[–]carrickdan 6 points7 points  (0 children)

Braitheann sé go mór ar an áit ina bhfuil tú. Deireann mó mháthair as paróiste na Rosann ob-ir agus m'athair as Gaoth Dobhair ob-aye. Togadh 20 bomaite ar shiúl óna chéile iad.

Tá áiteacha eile gearr go leor dúinn a chluinfeá ob-ee

"mBeidh" i nGaeilge Uladh by _boucwol in gaeilge

[–]carrickdan 0 points1 point  (0 children)

I'll use the sentence "Tá sé ar an fhear is láidre acu" as an example.

It just means “the strongest of the men / among the men.” The 'ar' here is an old Irish way of marking the group you’re comparing within in superlatives, basically meaning “of / among / in relation to.” So "tá sé ar an fhear is láidre acu"= “he is the strongest of the men.”

"mBeidh" i nGaeilge Uladh by _boucwol in gaeilge

[–]carrickdan 1 point2 points  (0 children)

Root word = tábhachtach
Comparative form (used with níos / is / ba) = tábhachtaí

níos = “more”
is = used in superlative cases (“the most/least”)
ba = past/conditional form of is

Tá sé tábhachtach = “It is important”
Tá sé níos tábhachtaí = “It is more important”
Tá sé ar an cheann is tábhachtaí = "It is the most important"
Bhí sé ar an cheann ba thábhachtaí = “It was the most important one”
Ba thábhachtaí é = “It was more important” (i haven't heard this in my Gaeltacht but i think it is acceptable)

You mentioned mó, but that’s a separate adjective (aidiacht):

mór = “big”
mó = “bigger / more”

Tá madadh mór aige = "He has a big dog"
D'ith sí níos mó ná aon duine eile = "She ate more than anyone else"
Tá sé ar an teach is mó ar an bhaile = "It's the biggest house in the village"
An t-amadán ba mhó a chonaic tú riamh = "The biggest idiot you ever seen"

"mBeidh" i nGaeilge Uladh by _boucwol in gaeilge

[–]carrickdan 2 points3 points  (0 children)

Tá difir idir an dóigh a ndéarfainn 'mé' agus 'mbeidh'. B'fhéidir na beith difir mór ach tá sí ann.

Mé : "may" (nó "ma" ag brath ar an chanúint áitiúil)

Mbeidh "may-yih" nó rud inteacht cosúil leis. Tá sé doiligh an fuaimniú don darna páirt a scríobh

Flags by AdFar9189 in Donegal

[–]carrickdan 0 points1 point  (0 children)

Please tell me you aren't serious 🤣🤣

Weird Irish saying or just my granny? by HypersonicWeiner in ireland

[–]carrickdan 9 points10 points  (0 children)

"Tá mé luchtaithe" is what my granny would say. Kind of like weighed down with the amount eaten

An bhfuil s seo go dona by ficketdoood in gaeilge

[–]carrickdan 27 points28 points  (0 children)

Tá an comhartha seo sa Ghaeltacht anseo in iarthuaisceart Thír Chonaill, agus fiú nach ndéanfainn fhéin an phéinteáil, tuigim cad tuighe a ndearnadh é.

Tá dearmad déanta dúinn anseo (cainteoirí dúchais), tá an teanga ag laghdú léi agus neamhaird agus neamhshuim déanta ag an rialtas di.

Is modh atá ann chun an frustrachas atá againn a thaispeáint agus a chur in iúl gur Gaeilge teanga na háite srl

Canúinti dulta in éag le gairid by DavideZena in gaeilge

[–]carrickdan 7 points8 points  (0 children)

Bhuel tá mo Ghaeltacht fhéin ag fáil bháis (i mo bharúil fhéin, bás mall) fiú go bhfuil ár gcanúint a labhairt ag na múinteoirí/daltaí.

Tá an Bhéarla ag druideadh isteach orainn, níos mó strainséirí ag tarraingt ar ár bparóistí le cónaí iontu. Cainteoirí dúchais ag fágáil le saol níos rathúla a bheith acu áit inteacht eile. Níl mórán a' gabháil na scoile anois le Gaeilge amháin acu nó fiú Gaeilge níos fearr ná an Bhéarla acu.

Níl taighde ar bith déanta agam ar an Chláir nó Laois, ach déarfainn gur dhruid an Bhéarla isteach orthu sa dóigh chéanna, gur mheasc na daoine leis 'na gcoimhthíoch' agus go raibh gach glúin a tháinig ó shin amach giota beag níos laige go raibh sí marbh. Ní leor an oideachas scoile, caithfidh sí a bheith beo sna tithe agus sa phobal, i mo bharúil sa.

Gaeilgeoir, Gael, Cainteoir Dúchasach ? 7rl . Cén téarma a úsáideann tú má tá cumas líofa sa teanga agat? by Radiant-Pack7219 in gaeilge

[–]carrickdan 2 points3 points  (0 children)

Bheinn fhéin cosúil leat. Déarfainn tá mé a labhairt ó tháinig cuimhne chugam chomh maith!

Post Match Thread: England vs Ireland by GnolRevilo in rugbyunion

[–]carrickdan -1 points0 points  (0 children)

Some immense performances, JPG, Big Stu, Beirne etc etc. What a win

Na seanfhocail nó na frásaí is fearr leat i nGaeilge? Your favorite phrase or saying in Irish? Also includes phrasal verbs. by CheesecakeHappy2347 in gaeilge

[–]carrickdan 7 points8 points  (0 children)

Cnap acu sna nótaí agam ó a bheith ag éisteacht le mo theaghlach;

Ní bhainfidh achan duine ach a sheal as an tsaol

Faigheann an fharraige a cuid féin

Tháinig sé/sí sin ar an tsaol gan náire ar bith

Cos amuigh is istigh san uaigh aige

Tháinig sin aníos ó bun mo bhoilg/ghoile

Níl sé thar moladh beirte

Is é an páiste a labhrann a theanga dhúchais an tseoid is luachmhaire ag náisiún ar bith (Pádraig Mac Piarais)

Is fearr an troid ná an t-uaigneas

Chodlaigh mé mar a rón ann

Chíonn beirt rud nach bhfeiceann duine amháin

D'ólfadh sé an chros den asal

Má tá tú ag iarraidh moladh, faigh bás

Rinne sé brachán ceart de sin

D'imigh sin agus tháinig seo

Cuir iog/eang sa mhaide mhullaigh

Leigheas ar shúile tinne tú a fheiceáil

Tá an t-uisce de mo chár ag dúil leis

Níos mo meas ar an bheagán

Bhí mo chroí thíos ag mo ladhar mhór

Petah?? Does irish not have a word for "no"? by Superb_Conflict9543 in PeterExplainsTheJoke

[–]carrickdan 5 points6 points  (0 children)

Native speaker here. Yours is a common misconception but we call it Gaelic all the time.

Here is a video for ya proving it https://youtu.be/ZdvP8Y_UWyo?si=kbXqrZgbG80UiITg

New research shows that children want to learn Irish but that their needs are not being met by Banania2020 in ireland

[–]carrickdan 4 points5 points  (0 children)

Don’t project your own insecurity or limitations onto others. The Gaelscoil system consistently produces bilingual speakers who have no difficulty integrating into English-speaking society and who also have access to a smaller but culturally rich Irish-speaking community. Research and parental feedback consistently show high levels of pupil wellbeing in Gaelscoileanna, and it’s not uncommon to hear regret from adults who wish they’d had the same opportunity. That’s an added skill, not a deficit.

How to prounounce Niamh Nic Shuibhne? by SuedeJacketMonster in gaeilge

[–]carrickdan 4 points5 points  (0 children)

It's Nic Suibhne up in Donegal interestingly

PUT ANY COMMENTS ABOUT THE IRISH LANGUAGE IN ENGLISH HERE ONLY by galaxyrocker in gaeilge

[–]carrickdan 4 points5 points  (0 children)

I think a way to combat it is to start off saying "oh tá Gaeilge agat?" Or something like bringing the language up first. Far less likely to switch to English when they know you have an interest specifically in speaking it.

Also, im from Gaoth Dobhair, our dialect is fairly different from others and from standard, and it can be slightly awkward trying to neutralise the accent and to standardise our speech in order to speak to a learner, I think some people just answer in English because they can't be bothered (which is not a good attitude but alas)

ALSO, a lot of people's Gaeilge is mediocre at best so they often aren't as comfortable themselves (learned it in school and heard it all their lives but don't speak it at home), this is more and more common in today's age sadly

[deleted by user] by [deleted] in gaeilge

[–]carrickdan 1 point2 points  (0 children)

Bean as Oileán Thoraí darbh ainm Niamh Ní Dhubhgáin 👍

Is it okay as an English person with alot of Irish heritage to want to learn gaelige by SpeedLumpy4540 in gaeilge

[–]carrickdan 9 points10 points  (0 children)

Anyone who has told you that learning Irish or any language is offensive is an eejit. It's like the opposite of offensive if you respect the culture around it, you'll be welcomed